Gaeltacht road improvement grants
The department has £200,000 for Gaeltacht roads in 1987, with about £79,000 already committed. Further allocations will follow cost estimates and county priority lists; the Minister could not yet say how much Galway would receive.
asked the Taoiseach the amount of road improvement grants available to Gaeltacht areas in 1987; and when allocations will be notified to the local authorities in Gaeltacht areas.
Comment on this
Soláthar £200,000 atá ar fáil do mo Roinnse le caitheamh ar bhóithre i mbliana. Tá £79,624 de sin geallta cheana féin do thograí a ceadaíodh i 1986 ach nach ndearnadh le linn na bliana sin agus do thograí áirithe a ceadaíodh níos luaithe i mbliana.
Tá oifigigh áitiúla de chuid mo Roinnse i gcomhairle leis na húdaráis áitiúla éagsúla i ndáil le meastacháin costais a fháil do bhóithre áirithe faoi láthair. A luaithe a gheofar na meastacháin costais sin ullmhófar liostaí de bhóithre in ord fiúntais do gach contae. Déanfar cinneadh ansin maidir leis na deontais eile atá le ceadú as soláthar na bliana seo.
Comment on this
An bhfuil an tAire in ann a rá cé mhéid den airgead sin a bheas ag dul go dtí Gaeltachta Chontae na Gaillimhe?
Comment on this
An bhfuil an tAire ag rá nach bhfuil ach £120,000 ar fáil aige do gach contae in a bhfuil ceantair Ghaeltachta agus más fior é sin is beag airgead a bhéas fágtha le haghaidh na mbóithre úafásacha i gConamara a dheisiú i mbliana?