We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna-Questions. Oral Answers. - Feabhsúcháin ar Bhóithre Contae i gConamara.

den Taoiseach an mbeidh sé sásta deontas faoi leith a thabhairt do Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun obair phráinneach a dhéanamh ag feabhsú bóthair chontae i gceantar Charna, Conamara, Contae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas faoi dhrochstaid na mbóithre sa cheantar sin.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Baineann scéim mo Roinnse go príomha le bóithre áise agus le bóithre portaigh cé gur ceadaíodh cunamh ó thráth go céile i leith bóithre chontae nuair a bhí toscaí fíor-eisceachtúla i gceist.

Breithneofar an cheist maidir le hairgeadú bóithre Gaeltachta i gcoitinne i gcomhthéacs an dréacht-phleain — i ndáil le forbairt bóithre don tréimhse fiche bliain amach romhainn — atá á ullmhú faoi láthair ag an Aire Comhshaoil. Tá moltaí curtha faoi bhráid an Aire Comhshaoil agam faoin ábhar seo.

Comment on this

An bhfuil sé i gceist ag an Aire, mar atá fhiafraithe sa cheist seo, aon airgead sa bhreis a chur ar fáil chun déileáil leis an drochstaid atá ar na bóithre i gceantar Charna? An bhfuair an tAire aon achainí faoi na deacrachtaí sin?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Tá achainí á bhfáil go síoraí faoi bhóithre agus faoi dheis a chur ar bhóithre. Ach mar atá a fhios ag an Teachta é féin, baineann an t-airgead atá againne i Roinn na Gaeltachta le bóithre áise agus le bóithre portaigh, agus ní bhíonn mórán ann le teacht i gcabhair ar na bóithre sin. Baineann sé, mar a dúirt mé, leis an Roinn Comhshaoil. Ach tá sé i gceist ag an Aire Comhshaoil plean a leagan amach, agus tá sé sin á scrúdú i láthair na huaire.

Comment on this

An bhfuil a fhios ag an Aire an raibh aon airgead á chur ar fáil ag an Roinn féin i mblianta le haghaidh bhóithre contae i gContae na Gaillimhe?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Níl an t-eolas sin agam. Tá a fhios agam gur cháin sé Comhairle Chontae na Gaillimhe le gairid i ngeall ar nach raibh siad ag caitheamh go leor airgid i gConamara.

Comment on this

An Roinn atá mé ag labhairt faoi.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Cháin an tAire Comhshaoil é féin an chomhairle chontae, nach raibh siad ag caitheamh go leor airgid i gConamara. Ach níl aon eolas agamsa ar cén leagan amach atá acu i mbliana i gcomhair airgead breise a chur ar fáil i gConamara do na bóithre contae.

Comment on this

An bhfuil sé i gceist aige féin, mar Aire na Gaeltachta, aon airgead a chur ar fáil i mbliana óna Mheastachán le haghaidh bhóithre contae i gContae na Gaillimhe?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Mar a dúirt mé i mo fhreagra, is eisceacht é nuair a chaitear airgead ar bhóithre contae. Níl aon mhionscrúdú déanta go fóill ar na hiarratais atá curtha isteach i gcomhair cuidiú i mbliana. Tá cúpla bóthar contae a bhfuil go leor brú fúthu, agus nuair a bhéas an t-airgead á chaitheamh, nuair a bhéas dáileadh an airgid á réiteach, beidh sé sin á chur san áireamh.

Comment on this

Cén fáth a bhfuil moill ar an Aire na hiarratais seo a fhreagairt, an t-airgead a roinnt amach do na Gaeltachtaí éagsúla? Nó cén t-am a ndéanfar é seo?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Ní ar an Roinn a bhíonn an locht, go minic. Bímid ag fanacht le meastacháin a fháil ó na comhairlí contae maidir leis na bóithre. Cuirtear isteach iarratais i gcomhair bhóithre. Ansin bíonn orainne meastacháin a fháil agus go minic bíonn moill orainn ag fáil na figiúirí ar ais ó na comhairlí contae.

Comment on this

An bhfuil tú ag rá go bhfuil locht ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Níl mé ag rá go bhfuil Contae na Gaillimhe níos measa ná contae ar bith eile. Is gá na bóithre a fhógairt uilig le chéile, le haghaidh gach contae, nuair atá an t-airgead á chaitheamh; sin an rud a choinníonn siar muid go minic, nach mbíonn na meastacháin againn.

Comment on this