Connemara County Road Funding
Molloy sought urgent funding for poor county roads around Carna and pressed for details on past and current allocations. Gallagher said the Gaeltacht Department mainly funds access and bog roads, with county-road aid exceptional; wider Gaeltacht road funding is under consideration in the Environment Minister’s long-term plan. Current applications had not been fully reviewed, and decisions were delayed while the Department awaited county-council estimates; pressured roads would be considered when funds were allocated.
den Taoiseach an mbeidh sé sásta deontas faoi leith a thabhairt do Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun obair phráinneach a dhéanamh ag feabhsú bóthair chontae i gceantar Charna, Conamara, Contae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas faoi dhrochstaid na mbóithre sa cheantar sin.
Comment on this
Baineann scéim mo Roinnse go príomha le bóithre áise agus le bóithre portaigh cé gur ceadaíodh cunamh ó thráth go céile i leith bóithre chontae nuair a bhí toscaí fíor-eisceachtúla i gceist.
Breithneofar an cheist maidir le hairgeadú bóithre Gaeltachta i gcoitinne i gcomhthéacs an dréacht-phleain — i ndáil le forbairt bóithre don tréimhse fiche bliain amach romhainn — atá á ullmhú faoi láthair ag an Aire Comhshaoil. Tá moltaí curtha faoi bhráid an Aire Comhshaoil agam faoin ábhar seo.
Comment on this
An bhfuil sé i gceist ag an Aire, mar atá fhiafraithe sa cheist seo, aon airgead sa bhreis a chur ar fáil chun déileáil leis an drochstaid atá ar na bóithre i gceantar Charna? An bhfuair an tAire aon achainí faoi na deacrachtaí sin?
Comment on this
Tá achainí á bhfáil go síoraí faoi bhóithre agus faoi dheis a chur ar bhóithre. Ach mar atá a fhios ag an Teachta é féin, baineann an t-airgead atá againne i Roinn na Gaeltachta le bóithre áise agus le bóithre portaigh, agus ní bhíonn mórán ann le teacht i gcabhair ar na bóithre sin. Baineann sé, mar a dúirt mé, leis an Roinn Comhshaoil. Ach tá sé i gceist ag an Aire Comhshaoil plean a leagan amach, agus tá sé sin á scrúdú i láthair na huaire.
Comment on this
An bhfuil a fhios ag an Aire an raibh aon airgead á chur ar fáil ag an Roinn féin i mblianta le haghaidh bhóithre contae i gContae na Gaillimhe?
Comment on this
Níl an t-eolas sin agam. Tá a fhios agam gur cháin sé Comhairle Chontae na Gaillimhe le gairid i ngeall ar nach raibh siad ag caitheamh go leor airgid i gConamara.
Comment on this
Cháin an tAire Comhshaoil é féin an chomhairle chontae, nach raibh siad ag caitheamh go leor airgid i gConamara. Ach níl aon eolas agamsa ar cén leagan amach atá acu i mbliana i gcomhair airgead breise a chur ar fáil i gConamara do na bóithre contae.
Comment on this
An bhfuil sé i gceist aige féin, mar Aire na Gaeltachta, aon airgead a chur ar fáil i mbliana óna Mheastachán le haghaidh bhóithre contae i gContae na Gaillimhe?
Comment on this
Mar a dúirt mé i mo fhreagra, is eisceacht é nuair a chaitear airgead ar bhóithre contae. Níl aon mhionscrúdú déanta go fóill ar na hiarratais atá curtha isteach i gcomhair cuidiú i mbliana. Tá cúpla bóthar contae a bhfuil go leor brú fúthu, agus nuair a bhéas an t-airgead á chaitheamh, nuair a bhéas dáileadh an airgid á réiteach, beidh sé sin á chur san áireamh.
Comment on this
Cén fáth a bhfuil moill ar an Aire na hiarratais seo a fhreagairt, an t-airgead a roinnt amach do na Gaeltachtaí éagsúla? Nó cén t-am a ndéanfar é seo?
Comment on this
Ní ar an Roinn a bhíonn an locht, go minic. Bímid ag fanacht le meastacháin a fháil ó na comhairlí contae maidir leis na bóithre. Cuirtear isteach iarratais i gcomhair bhóithre. Ansin bíonn orainne meastacháin a fháil agus go minic bíonn moill orainn ag fáil na figiúirí ar ais ó na comhairlí contae.