We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Order of Business

Official Languages Act review

Summary

Deputy Ó Snodaigh seeks completion of the Official Languages Act review and stronger protections for Irish and the Gaeltacht; the Taoiseach cites Government support and progress.

Tá dhá phíosa reachtaíochta agam don Taoiseach. Bhí mé ag súil go mbeadh an Rialtas tar éis críochnú leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla faoin am seo. Measaim go bhfuil géarchéim ann ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de agus nach bhfuil go leor déanta ag an Rialtas nó ag Rialtais roimhe seo chun an teanga a chosaint. Is trua nach bhfuil Bille os ár gcomhair agus nach féidir linn cinntiú go bhfuil na cosantaí cuí ann. Tá súil agam go mbeidh sé mar cheann de thosaíochtaí pé Rialtas a théann i gceannas go luath.

Bhí me ag féachaint ar an gcéad fhorógra reachtaíochta a d'fhoilsigh an Rialtas in 2011. Ar an liosta bándearg, which is Bills expected to be published during the summer session in 2011, we have the Electoral Commission Bill to establish a new electoral commission to subsume the functions of exiting bodies. There was no sign of it last year, and there is still no sign of it now, but it was expected to be published in 2016. Is there any hope that, at the very least, we will see the heads of that Bill before the Taoiseach disappears onto the campaign trail?

Comment on this
Enda Kenny The Taoiseach Fine Gael

Tá a fhios ag an Teachta go maith go bhfuil níos mó airgid tugtha do Údarás na Gaeltachta, go bhfuil straitéis na Gaeilge leagtha amach, go bhfuil an raic a bhí ar siúl faoin gCoimisinéir Teanga neamhspleách don Ghaeilge réitithe, go bhfuil oibrithe tugtha dó, agus sílim go bhfuil job maith á dhéanamh aige. De réir mar a thuigim, tá cursaí fostaíochta ag dul in airde sna Gaeltachtaí agus ba mhaith liom go leanfaidh sé sin as seo amach.

Maidir leis an gclár Rialtais a rinne an Teachta tagairt do, is fíor go raibh comisiún toghchánaíochta le bunú ag an Rialtas. Tuigim, de réir tuairisc a chur an tAire isteach, go raibh an coiste Oireachtais ag díospóireacht faoi chursaí poiblí faoi seo agus gur chríochnaigh na díospóireachtaí sin ag deireadh mhí Iúil na bliana seo caite. Tuigim freisin go bhfuil an tuarascáil foilsithe ag an gcoiste agus go bhfuil cuid de na moltaí maidir le bunú an choimisiúin toghchánaíochta sa tuarascáil sin. Níl sé léite agam toisc nach bhfaca mé go fóill é, ach tuigim go mbeidh sé ar chumas an chéad Rialtais eile an coimisiún seo a bhunú, ag éirí as na díospóireachtaí a bhí ann, an tuarascáil foilsithe, agus na moltaí atá inti a thabhairt i bhfeidhm.

Comment on this