We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written answer

Acht na dTeangacha Oifigiúla

1055. D'fhiafraigh Deputy Sinéad Gibney den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta cén uair a fhoilseofar na caighdeáin teanga chríochnaithe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [78978/26]

Comment on this
Dara Calleary Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht Fianna Fáil

Bhí ríméad orm fógra a dhéanamh ag Oireachtas na Samhna le déanaí go bhfuil dréacht de na Caighdeáin Teanga glanta agam le seoladh chuig an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge mar chéad chéim den phróiseas comhairliúcháin orthu. Tá an dréacht seo de na Caighdeáin dírithe ar eagraíochtaí ar leith a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla, is iad sin - Ranna agus Oifigí Rialtais, Údaráis Áitiúla agus Comhlachtaí Fóntais Phoiblí.

Déanfaidh an Coiste Comhairleach scrúdú ar an dréacht agus ansin tabharfar faoi na céimeanna eile den phróiseas comhairliúcháin mar atá leagtha amach san Acht:

• Comhairliúchán leis na Ranna Rialtais;

• Comhairliúchán leis na hOifigí Rialtais, Údaráis Áitiúla agus comhlachtaí fóntais phoiblí atá luaite sna Caighdeáin; agus

• Comhairliúchán leis an bpobal i gcoitinne.

Cé nach bhfuil aon amscála don phróiseas iomlán leagtha síos san Acht, meastar go dtógfaidh sé thart ar ocht mí ó thús go deireadh.  Foilseofar cóip de na dréacht-Chaighdeáin mar chuid den chomhairliúchán poiblí a dhéanfar orthu. Tar éis den phróiseas comhairliúcháin a bheith curtha i gcrích an bhliain seo chugainn, déanfar na heagraíochtaí poiblí cuí a fhorordú chun críche na gCaighdeán cuí.

Tá mé an-dóchasach faoin dea-thionchar a bheidh ag na Caighdeáin Teanga, atá bunaithe ar an gcóras rathúil atá i bhfeidhm sa Bhreatain Bheag agus a chuirfidh dualgais bhreise, dhearfacha ar eagraíochtaí poiblí maidir le seirbhísí poiblí Gaeilge a sholáthar.

Tógfar sna Caighdeáin chomh maith ar na téamaí atá clúdaithe i scéimeanna teanga reatha comhlachtaí poiblí. Soiléiríonn leasú atá déanta anois tríd an Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2026 go bhfanfaidh scéim teanga, a bhí i bhfeidhm i gcomhlacht poiblí cheana, i bhfeidhm go dtí go bhforordaítear Caighdeáin Teanga don chomhlacht poiblí sin.

Tá cruinniú den Choiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge beartaithe anois don 17 Samhain 2026 chun tús a chur leis an gcomhairliúchán ar an dréacht seo de Chaighdeáin Teanga.

Comment on this